Canalblog
Editer l'article Suivre ce blog Administration + Créer mon blog
Formation Continue du Supérieur
30 décembre 2012

Clár Uachtaránacht an AE tíolactha ag Tríréad na hÉireann

logoDé Máirt, 11 Nollaig sa Bhruiséil, thíolaic an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore agus an tAIre Stáit do Ghnóthaí Eorpacha Lucinda Creighton, clár oibre an 'Tréréid' d'Uachtaránachtaí AE sna 18 mí atá romhainn.
Ní mór dúinn díriú sna 18 mí atá romhainn ar chobhsaíocht eacnamaíoch a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa

Ag labhairt dó ag an gcur i láthair d'Airí an AE ag Comhairle Gnóthaí Ginearálta an lae inniu, dúirt an Tánaiste nach mór dúinn díriú sna 18 mí atá romhainn ar chobhsaíocht eacnamaíoch a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa agus bonn láidir a thógáil d'fhás eacnamaíoch buan agus poist inbhuanaithe.
Leagfaimidne in Uachtaránacht na hÉireann, tosaíocht ar na réimsí atá in ann torthaí inbhraite do dhaoine ar fud na hEorpa a chur ar fáil, amhail an Clár Oibre Digiteach a fhorbairt, leas a bhaint as  acmhainneacht bhreise an Mhargadh Aonair an AE, an dúshraith a chur síos do Chomhaontú TrádálaAE-SAM, agus an tAontas Baincéireachta a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton TD
Sna 18 mí atá romhainn beimid ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe ón Liotuáin agus ón nGréig lena chinntiú go mbeimidne, mar Uachtaránachtaí, in ann torthaí fíora buana a tháirgeadh dár saoránaigh. Beimid ag tógáil ar an obair iontach a rinne Tríréad roimhe sin – an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir.
Cuidíonn Tríréad na hUachtaránachta le leanúnachas níos fearr a chinntiú idir uachtaránachtaí 6-mhí Chomhairle an AE. Eagraítear na hUachtaránachtaí ina ngrúpaí de thrí cinn agus beartaíonn siad  obair na Comhairle do thréimhse 18 mí. Is í Éire an chéad Uachtaránacht sa Tríréad, fairis an Liotuáin (dara leath 2013) agus an Ghréig (an chéad leath 2014).
I gClár an Tríréid a cuireadh i láthair sa Bhruiséil inniu, féachtar ar na dúshláin is mó atá roimh an AE agus leagtar amach na tosaíochtaí agus clár oibre don Chomhairle i rith na tréimhse 2013 go dtí an chéad leath 2014.
Tá an Clár ar fáil anseo.
Do ghrianghraif agus do phíosa scannáin theilifíse faoi tíolacadh, féach anseo.
Leagann an Taoiseach agus an Tánaiste béim ar fhócas na Uachtaránacht na hÉireann ar chobhsaíocht, poist agus fás. An Taoiseach agus an Tánaiste, chomh maith le comhghleacaithe is airí, atá ag reáchtáil Chomhdháil na nUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu. Is í seo an chéad ócáid fhoirmiúil uachtaránachta atá ar siúl in Éirinn.
logoOn Tuesday 11 December in Brussels, Tánaiste and Minister for Foreign Affairs and Trade Eamon Gilmore and Minister of State for European Affairs Lucinda Creighton, presented the work programme of the ‘Trio’ of EU Presidencies for the next 18 months.
We must focus in the next 18 months on further restoring economic stability across Europe

Speaking at the presentation to EU Ministers at today’s General Affairs Council, the Tánaiste said
We must focus in the next 18 months on further restoring economic stability across Europe and building strong foundations for lasting economic growth and sustainable jobs.
We in the Irish Presidency, for our part, will prioritise those areas that can deliver tangible results for people across Europe, such as developing the Digital Agenda, tapping into the further potential of the EU Single Market, laying the groundwork for an EU-US Trade Agreement, and putting in place the Banking Union.
The Minister of State for European Affairs, Lucinda Creighton TD, said
Over the next 18 months we will work closely with our colleagues from Lithuania and Greece to make sure that we, as Presidencies, can deliver real and lasting results for our citizens. We will be building on the excellent work of the previous Trio of Poland, Denmark and Cyprus.
The Presidency Trio helps ensure greater continuity between the six month rotating Presidencies of the Council of the EU. Presidencies are organised into groups of three and plan the work of the Council over an 18-month period. Ireland is the first Presidency in the Trio with Lithuania (second half 2013) and Greece (first half 2014).
The Trio Programme presented in Brussels today looks at the main challenges facing the EU and maps out the priorities and agenda for the Council during the period 2013 until first half 2014.
The Programme can be found here.
For photos and TV footage of the presentation see here
.
Commentaires
Newsletter
49 abonnés
Visiteurs
Depuis la création 2 783 472
Formation Continue du Supérieur
Archives